"FÁILTE GO PARÓISTE CHILL CHOMÁIN IN IAR-THUAISCEART CHONDAE MHAIGH EO"
"SUÍOMH:"

Tá paróiste Chill Chomáin suite tuairim is leath-bealaigh idir Bhaile an Chaisil agus Béal an Mhuirthead ar an gcósta thuaidh in iar-thuaisceart Condae Mhaigh Eo. Luíonn Cuan an Inbhir Mhóir ó thuaidh agus siar uaidh agus Bá Dhún na nGall soir ó thuaidh de. Tá príomh-bhailte móra an chondae Béal an Átha (42 míle ar siúl) agus Caisleán a’ Bharraigh 55 míle ón áit. Sé Béal a’ Mhuirthead ag 22 míle agus Beannchar ag 18 míle na ceantracha uirbeacha is gaire.
"AN TÍRDHREACH NADÚRTHA:"
Is ceantar fíorálainn é Cill Chomáin a bhfuil an-éagsúlacht ag baint leis. Tá an charraig tollta ag an bhfarraige ina cuanta beaga agus cinntíre, stácaí agus pluaiseanna, ag cruthú an tírdhreach ailt agus farraige is deise in Éirinn de réir barúil na saoi. Ardaíonn na hailt 255 méadar ag Barr na Binne Buí agus 304 méadar ag Glinsc. Ar feadh an chósta tá tránna áilne neamhmhillte ag Port a’ Chlóidh, An Rinn Rua, Corrán Buí, Ros Dumhach agus Gleann na nGad. Cothaíonn éagsúlacht na tírdhreacha, ina n-áirítear réimse mór de bhratphortach íseal, inbhir agus góilíní farraige, an-éagsúlacht plandaí agus ainmhithe. Tá tabhacht mór eolaíochta ag machairí Chnoc a’ Ghairtéil agus an Chorráin Bhuí atá faoi chosaint speisialta an Aontas Eorpaigh. Léiríonn stádais Limistéir Speisialta Caomhnaithe (L.S.C.) agus Limistéir faoi Chosaint Speisialta (L.C.S.) go bhfuil gnáthóga agus spéicis thabhachtacha sa cheantar.
"AN TEANGA GHAEILGE AGUS CULTÚR:"
Is acmhainn luachmhar don pharóiste a stádas mar cheantar Ghaeltachta. Tá athbeochan spéise sa dteanga Ghaeilge agus sa chultúr agus tá níos mó tuismitheoirí ag iarraidh go mbeidh deis ag a bpáistí foghlaim trí Ghaeilge mar a léiríonn an t-éileamh atá ar naíonraí. Tá sé le feiceáil chomh maith ar an éileamh atá ar Champaí Samhraidh trí Ghaeilge. Tá an Ghaeilge mar theanga labhartha faoi bhrú áfach agus caithfidh an pobal áitiúil agus na heagraisí stáit cuí iarracht faoi leith a dhéanamh chun í a choinneáil beo.
"IONAD SEIRBHÍSÍ TEANGA:"
Tá Ionad Seirbhísí Teanga lonnaithe sa Seanscoil i gCeathrú Thaidhg, áit a mbíonn ranganna Gaeilge agus cúrsaí aistriúcháin curtha ar fáil de réir éilimh. Tá forbairt déanta ar sheomra oiliúna, áit a bhfuil leabharlann le hachmhainní tacaíochta foghlama ar nós leabhair, téipeanna, físeáin agus bogábhar ríomhaireachta ar fail.
"BÉALOIDEAS AGUS LOGAINMNEACHA:"
Tá oidhreacht saibhir teanga agus cultúrtha Dhún Chaocháin, atá curtha chun cinn ag saineolaithe teangan agus béaloidis, mar chartlann de bhreis agus 25,000 leathanach lámhscríbhinn d’ábhar áitiúil béaloidis atá i Roinn Bhéaloideas Éireann. Tá staidéar leanúnach ar bhéaloideas an cheantair ar siúl ag an Ollamh Séamas Ó Catháin, an Coláiste Ollscoile, B.Á.C. i gcomhar le pobal an cheantair, ina measc an mór-scéalaí Seán Ó hInneirighe, atá anois ar shlí na fírinne, agus Caitlín Uí Sheighin. Le blianta beaga anuas bailíodh agus foilsíodh logainmneacha na háite a thugann léargas dúinn ar thírdhreach agus ar shaol na ndaoine a mhair is a mhaireann sa dúiche ársa seo. Tá na foilseacháin seo le fáil i leabharlann na Seanscoile.
"MAPAÍ SIÚLÓIDE :"
"BEALAÍ SIÚLÓIDE :"
Slí na Sláinte:
I 2004 cheangail Slí na Sláinte Cheathrú Thaidhg isteach sa ghréasán náisiúnta bealaí siúlóide. Ba é Foras Chroí na hÉireann i gcomhar le Comhairle Chondae Mhaigh Eo agus an pobal áitiúil a rinne forbairt ar an tionscnamh seo a mholann an tsiúlóid chun dea-shláinte a chothú. Déanann clár eolais ag tús na siúlóide agus bhróisiúr ildaite dá-theangach cuir síos ar an tslí, atá marcáilte le comharthaí geala, tarraingteacha atá suite 1 km óna chéile.
I 2007 rinneadh forbairt ar thrí shiúlóid chiorclach i gCeathrú Thaidhg mar atá Siúlóid na Trá, Siúlóid Chlann Lir agus Siúlóid an Chlaí Dhuibh. Ag tosnú agus ag críochnú ag an Seanscoil, tugann said léargas ar thírdhreach agus ar radharcanna maorga Dhún Chaocháin. Tá treormharcanna le dathanna difrúla ar gach shiúlóid ag brath ar dhianacht mar seo a leanas – glas (easca), gorm agus dearg (measartha). Tá sonraí na mbealaí leagtha amach ar chlár eolais dá-theangach, atá lonnaithe sa charr-chlós in aice na Seanscoile.
Teagmháil: Treasa Ní Ghearraigh
Guthán 097 88082
Ríomhphost: dunchaochain1@eircom.net
"SAOL NA MARA:"
Tá roinnt mhaith spéicis mara le feiceáil i gCuan an Inbhir Mhóir ina measc Liamhán gréine, Deilf (Delphinus delphis), Deilf mórshrónach(Tursiops truncatus), Deilf risso (Grampus griseus), Muc mhara (Phocoena phocoena) agus Míol mór (Balaenoptera acutorostrata).
Tá tuilleadh eolais le fáil ar an suíomh idirlíne www.iwdg.ie
"SLATIASCAIREACHT:"
Tá clú
agus cáil bainte amach ag Cuan an Inbhir Mhóir mar cheann de na cuanta is fearr
le haghaidh slatiascaireachta mara in Éireann.
Teagmháil: Cumann Slatiascaireachta Mara Bhéal an Mhuirthead
Guthán: 097 82093
Tá cáil ar abhainn Ghleann na Muaidhe
mar abhainn bhradáin.
Cumann Slatiascaireachta Ghleann na Muaidhe
Guthán: 097 88859
"TRÁNNA:"
Tá tránna breátha fairsinge le fáil ag An Rinn Rua, Corrán Buí, Port a’ Chlóidh, Ros Dumhach agus Gleann na nGad.
"ÉANEOLAÍOCHT:"
Cuireann na hailt agus na hoileáin gnáthóga iontacha ar fáil d’éanacha atá ag gor, spéicis neamhchoitianta cosanta ina measc. Neadaíonn an Leache’s Petrel (Oceanodroma leucorhoa) ar na Stácaí. Is í seo an t-aon áit a neadaíonn sí in Éirinn. Tá tábhacht idirnáisiúnta ag baint le Cuan an Inbhir Mhóir ó thaobh na gCadhain (Branta bernicla hrota) de agus tabhacht réigiúnach maidir le uimhreacha Feadóig chladaigh (Charadrius hiaticula), Breacóg (Calidris alpina), Guilbneach stríocearrach (Limosa lapponica), Crotach (Numenius arquata) agus Ladhrán trá (Tringa totanus). Tá daonra tábhachtach idirnáisiúnta d’Éinín na mbradán (Hydrobates pelagicus) ar Oileán Maigheastar. Cothaíonn na hailt coilíneachtaí Fulmaire (Fulmarus glacialis), an chéad áit a neadaigh siad in Éirinn.
"SEANDALAÍOCHT:"

Tá saibhreas láithreacha seandalaíochta scaipthe ar fud an pharóiste chun a mheabhrú dúinn conas mar a mhair daoine siar chomh fada le 5000 bliain ó shin. Tá iarsmaí de thuamaí cúirte, a thóg na feirmeoirí tosaigh a tháinig go hÉirinn sa Thréimhse Neoiliteach, le fáil ag Ros Dumhach, Gleann na nGad, Fálach agus Muing a’ Rúin. Thóg siad stoc agus d’fhás siad arbhar i bpáirceanna pleánáilte mar atá le feiceáil faoin bportach ag Achadha Céide agus Béal Deirg. Ar cuid mhaith den chósta tá iarsmaí de dhúnta cinntíre mar An Dúna agus Dún Chiortáin. Tosaíodh ag tógáil na ndúnta seo in Aois an Iarainn agus mhair cónaí iontu anuas go dtí na Plandálacha féin. Iarsmaí eile iad na ciorcail chlocha, cistí, sean-séipéil, sean-reiligí agus tobair bheannaithe.
"CONAIR DEALBHÓIREACHTA:"
Tír Sáile:
Déanann an chonair dealbhóireachta ‘Tír Sáile’, a cuireadh i
gcrích i 1993, comóradh ar cúig mhíle bliain de lonnaíocht i gCondae Mhaigh
Eo. Cúig cinn déag de dhealbh tíre
éagsúil atá ann agus iad suite ar chósta álainn thuaisceart Mhaigh Eo. Ghlac dealbhóirí cáiliúla ó ocht dtír páirt
sa togra speisialta seo. Tá dhá dhealbh
Tír Sáile sa pharóiste mar atá ‘Caochán’ (saothar Walter Michael) i gCeathrú na
gCloch agus ‘Stratified Sheep’ i mBéal an Átha Buí (saothar Niall O’
Neill).
"Dealbh Clann Lir:"
Tionscnamh idirnáisiúnta nualach dealbhóireachta is ea Spirit of Place a dhíríonn ar cheantracha ar fud an domhain atá iargúlta agus neamhmhillte agus ina bhfuil oidhreacht shaibhir chultúrtha agus staire ar fáil. Sa bhliain 2002 a thosaigh an ailtire Travis Price ag obair ar an gcéad togra sa sraith le scolairí ailtireachta ó Ollscoil Chaitiliceach Washington. Tar éis dóibh tograí móra dealbhóireachta a fhorbairt ar fud an domhain, sna Stáit Aontaithe, i gCeanada, Peiriú, san Iodáil agus i Neipeal, d’aimsigh an Spirit of Place a mhacsamhail spioradálta anseo i gCondae Mhaigh Eo. I mí Iúil 2005 rinneadh an seoladh oifigiúil ar dhealbh Clann Lir, atá lonnaithe ar bharr ailt ag na Príosúin i gCill a’ Ghallagáin, agus atá tiomnaithe do mhuintir Iorrais atá scaipthe ar fud an domhain.
Comhphairtíocht oibre atá sa togra idir an Ollscoil Chaitiliceach, Údarás na Gaeltachta, Gaelsaoire, Comhairle Chondae Mhaigh Eo agus an pobal áitiúil, a thairg an suíomh.
"Clann Lir:"
Tá dlúthbhaint ag an gceantar seo leis an bhfinnscéal Clann Lir. Thionntaigh a leasmháthair fealltach Aoife na ceithre páistí ina n-ealaí agus chuir sí faoi gheasa iad 900 bliain a chaitheamh ar chósta na hÉireann, 300 dóibh siúd ar an gcósta álainn anseo. Bhí caint ag na h-ealaí agus bhí guth ceoil chomh binn sin acu go ndéanfá dearmad ar phian nó ar phionnoid dá gcloisfeá iad ag ceol. Tar éis 900 bliain chuala na h-ealaí cloigín agus lean siad é chomh fada le hInis Ghluaire. Tháinig deire leis an ngeis, thit an clumhach anuas díobh agus rinneadh ceathrar seanduine críona caite astu. Is ar an oileán atá said curtha de réir traidisiúin in aon uaigh amháin - Fionnuala sa lár, Conn agus Fiachra ar dhá thaobh di agus Aodh ag a gcuid cos, mar a bhíodh siad ina mbeatha ag tabhairt foscadh dá chéile ón bhfuacht.
"TURAS NA GAELTACHTA:"

Conair oidhreachta é Turas na Gaeltachta ina bhfuil fiche chlár eolais turasóireachta scaipthe ar fud Gaeltacht Iorrais. Tá sé furasta na cláranna a aithint mar gheall ar an díon os a gcionn, a thugann an tobar traidisiúnta chun chuimhne, agus go deimhin is tobar eolais atá iontu do chuairteoirí agus muintir na háite araon. Déanann na cláranna dhá-theangacha seo cuir síos ar chultúr, oidhreacht, litríocht, sheandalaíocht, bhéaloideas, stair &rl. agus ar na seirbhísí/áiseanna atá le fáil i gceantar faoi leith. Tá an t-eolas nasctha le léaráidí bríomhara ildaite a théann go mór i bhfeidhm ar an duine atá ag dearcadh orthu. Tá na cláranna seo le feiceáil ag Ceathrú Thaidhg, Ros Dumhach, Béal Deirg agus Barr na Trá.
"FÉILTE:"

Déanann féiltí pobal-bhunaithe mar comóradh ar an gcultúr áitiúil, cruthaíonn siad nascanna le himircí agus cuireann siad fóram sóisialta ar fáil do chlanna.
"EOLAS DON THURASÓIR:"

Tá
mapaí, bróisiúirí, leabhráin eolais agus cartaí poist ardchaighdeanacha le fáil
sa Seanscoil i gCeathrú Thaidhg.
Guthán: 097 88082 nó 087 1251642
E-mail: dunchaochain1@eircom.net
"SEIRBHÍSÍ RÉAMHSCOILE:"
Seirbhís réamhscoile pobail é Naíonra Dhún Chaocháin a
cuireadh ar bun i 1996. Sí
an príomh-aidhm atá aige ná cabhrú le forbairt iomlán an pháiste a chur chun
cinn agus ag an am céanna deis a thabhairt don pháiste óg an Ghaeilge a
shealbhú go nadúrtha trí mhodh an t-súgartha.
Bíonn an t-seirbhís oscailte trí huaire a’ chloig go leith go laethúil ó Luan go
hAoine i rith thréimhse na scoile, áit a gcuirtear clár imeachtaí atá spraoiúil
agus spreagúil ar fáil do pháistí san aoisghrúpa 2 bl. 6mhí go 5 bl.
Guthán: 097 88877
Cuireadh Naíonara Gleann na Muaidhe, seirbhís réamhscoile pobail trí Ghaeilge, ar bun i 2001. Bíonn an t-seirbhís oscailte trí huaire a' chloig go leith go laethúil ó Luan go hAoine i rith thréimhse na scoile, ait a gcuirtear clár imeachtaí atá spraoiúil agus spreagúil ar fáil do pháistí san aoisghrúpa 2 bl. 6mhí go 5 bl.
Guthán: 097 87838
"IMEACHTAÍ ÓIGE:"

Eagraíonn coiste Campaí Samhraidh Iorrais campaí samhraidh sa pharóiste chuile bhliain faoi Scéim na gCampaí Samhraidh d’Aos Óg na Gaeltachta atá maoinithe ag An Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta. An aidhm atá leis na campaí, atá dírithe ar pháistí san aoisghrúpa ó shé mbliana d’aois go dá bhliain déag d’aois, ná iad a spreagadh chun an Ghaeilge a labhairt agus dul i dtaithí ar í a úsáid lena chéile i dtimpeallacht thaitneamhach. I measc na n-imeachtaí spraoiúil a eagraítear bíonn gníomhachtaí éagsúla spórt, ealaíon, ceardaíocht, damhsa traidisiúnta, amhránaíocht, cluichí boird &rl.
"SEIRBHÍSÍ AOSACH:"
Cumann Gníomhaíochtí na nAosach Chill Chomáin:
Cuireadh Cumann Gníomhaíochtaí na nAosach Chill Chomáin ar bun i 1998 agus í mar phríomhaidhm aige dul i ngleic le neamhionannas, easpa seirbhísí agus deacrachtaí teacht ar sheirbhísí aosaigh sa pharóiste sa gcaoi is go bhfeabhsófaí caighdeán maireachtála an spriocghrúpa seo. Bailítear na seandaoine óna dtithe chuile Mháirt agus iompraitear chomh fada le hionad pobail Ghleann na Muaidhe iad, áit a n-eagraítear imeachtaí éagsúla mar aclaíocht éadrom, ceirdeanna, ceol agus amhranaíocht. Eagraítear turasanna lae chomh maith.
Guthán: 097 87937
Coiste Forbartha Cheathrú Thaidhg/Ros Dumhach: Tá ionad lae curtha ar bun ag an gcoiste ag Greanaí. Guthán: 097 88859
"MNÁ SA b POBAL:"
Cuireadh grúpaí na mban ar bun chun beartais a bhunú le dul i
ngleic leis an nganntanas seirbhísí agus deiseanna atá ar fáil ag mná an
pharóiste tré deiseanna sóisialta agus oiliúna a aimsiú le freastal ar a gcuid
riachtanaisí. Agus a gcláranna
gníomhaíochtaí gá gcur i bhfeidhim táthar ag súil go bhfeabhsófaí scileanna,
féiniúlacht agus neamhspleachás an spriocghrúpa sainiúil seo agus go ngríosofaí
a mball le guth níos láidre a bheith acu sa bpobal.
Teagmháil: Treasa Ní Ghearraigh
Guthán: 097 88082
"TAISTEAL:"
Ar Bhóthar:
Ag fágáil an N59
lean an R313 nó an R314.
Ar Chóiste:
Ritheann
Bus Éireann seirbhís ó Bhéal an Mhuirthead agus ó Bheannchar go Béal an Átha
uair sa lá.
Guthán: Bus Éireann 096 71800
Ritheann Cóistí
Corrduibh seirbhís deireadh seachtaine go Gaillimh, Luimneach, Sligeach agus
Dún na nGall agus seirbhís uair sa lá go Béal an Mhuirthead.
Guthán: 097 88949
Ritheann
Cóistí Mhac Graith seirbhís go Béal an Átha agus go Caisleán a’ Bharraigh uair
sa lá.
Guthán: 097 87842
By Rail
Iarnród Éireann Ballina
Guthán: 096 20230
Iarnród Éireann Castlebar
Guthán: 094 9021222
By Air
Ireland West Airport Knock
Guthán: 094 9367222
"OIDEACHAS:"
Primary Schools: Scoil Náisiúnta Cheathrú Thaidhg
Guthán: 097 88953
Scoil Náisiúnta Ros Dumhach
Guthán: 097 88919
Scoil Naomh Pól, Gleann na Muaidhe
Guthán: 097 87966
Scoil Náisiúnta, Poll a’ tSomáis
Guthán: 097 84573
Scoil Náisiúnta an Inbhir
Guthán: 097 84532
Coláiste Chomáin, Ros Dumhach
Guthán: 097 88940
E-mail eolas@gcr.ie
"OILIÚNT:"
Eagraíonn eagraisí mar Comhar Dún Chaocháin Teo, Údarás na Gaeltachta, an Clár Forbartha Áitiúil, FÁS agus Coiste Gairmoideachais Condae Mhaigh Eo réimse chúrsaí oiliúna do dhaoine fásta.
"SEIRBHÍSÍ SLÁINTE:"
Glenamoy Health Centre
Guthán: 097 87958
Belmullet Hospital
Guthán: 097 81301
"IONAID POIBLÍ:"
An tSeanscoil Ceathrú Thaidhg Teagmháil:
Treasa Ní Ghearraigh.
Guthán: 097 88082
"SÉIPÉIL:"

Séipéal Mhuire Gan Smál
Ceathrú Thaidhg
Réalt na Mara
Corrán Buí
Séipéal Naomh Pól
Glenamoy / Gleann na Muaidhe
Christ the King
Aughoose / Baile na hAchadh
Séipéal Naomh Pádraig
Inbhear
Parish Office, Aughoose
Guthán: 097 87701
Fax No: 097 87701
E-mail: kilcommonparish@eircom.net
"ÁISEANNA SPÓIRT:"
Cumann Lúthchleas Gael Chill Chomáin
Kilcommon GAA / Glenamoy
Teagmháil: Michelle Deane
Guthán: 097 87944 / 086 4075057
Email: kilcommongaa@eircom.net
"SIOPAÍ GRÓSAERA AGUS OIFIGÍ POIST:"
Garvin’s Shop & Post Office
Ceathrú Thaidhg
Guthán: 097 88955 / 097 88825
Siopa Denny
Rossport / Ros Dumhach
Guthán: 097 88936
Conroy’s Shop & Post Office
Glenamoy / Gleann na Muaidhe
Guthán: 097 87841
Healy’s Shop & Post Office
Barr na Trá
Guthán: 097 84111
"TITHE TABHAIRNE:"
Teach Chonghóile
Stonefield / Ceathrú na gCloch
Guthán: 097 88888
Teach Denny
Rossport / Ros Dumhach
Guthán: 097 88936
Angler’s Rest
Glenamoy / Gleann na Muaidhe
Guthán: 097 87961
Mc Graths
Poll a’ tSómais
Guthán: 097 84626
The Valley Inn / Mc Guires
Poll a’ tSómais
Guthán: 097 84629
Mc Guires
Barr na Trá
Guthán: 097 84596
The Lighthouse Tavern
Inbhear
Guthán: 097 84005
"SEIRBHÍSÍ ATHCHÚRSÁLA:"

Tá bancanna i gcóir búidéil ghloine agus cannaí alúmanam lonnaithe ag Ceathrú Thaidhg, Ros Dumhach, Gleann na Muaidhe, Inbhear agus Barr na Trá. Tá banc i gcóir éadaí ag Barr na Trá chomh maith.
"SEIRBHÍSÍ EILE:"
Tá seirbhísí eile mar an leabharlann, na bainc, an córas creidmheasa, an poitigéir, siopa éadaí, siopa bróg, siopa troscáin, tirimghlantóir, siopa bláthanna, bacús, danlann ealaíne &rl. le fáil i mBéal an Mhuirthead. Is anseo atá fo-oifigí eagraisí stáit mar Chomhairle Chondae Mhaigh Eo, Údarás na Gaeltachta, An Roinn Gnóthaí Sóisialacha agus Teaghlaigh, Clár Forbartha Áitiúil, Ionad Cathartha &rl. lonnaithe chomh maith.
"LÓISTÍN:"
Tá rogha lóistín le fáil sa cheantar – is féidir roghnú idir lóistín leaba agus bricfeasta, tithe féinfhreastail nó brú. Tá liosta lóistín le fáil ó Chomhar Dún Chaocháin Teo ag 097 88082.
© 2019 Comhar Dún Chaocháin Teo. All Rights Reserved.